Caoineadh na dTrí Mhuire - John Joe Mac Con Iomaire
Вставка
- Опубліковано 21 бер 2022
- John Joe Mac Con Iomaire agus leagan fíorálainn aige de Chaoineadh na dTrí Mhuire.
An é sin an maicín a d'iompair mé trí ráithe?
(Ochón agus ochón ó!)
Nó 'n é sin an maicín a rugadh ins an stábla?
(Ochón agus ochón ó!)
Nó an é sin an maicín a hoileadh in ucht Mháire?
A mhaicín mhuirneach, tá do rós-bhéilín gearrtha.
Chrochadar suas í ar ghuaillí arda
'Gus chuireadar anuas í faoi leacrachaí na sráide
Buailigí mé féin ach ná bainidh le mo mháithrín
Maróidh muid thú féin agus buailfidh muid do mháithrín.
Cuireadh culaith róin air le spídiúlacht a namhaid
'Gus cuireadh an tsleá thrína bhrollach álainn.
Cuireadh go Calvary é ag méadú ar a pháise
Bhí sé ag iompar na croise 'gus Síomón lena shála
Éist, a Mháthair 'gus ná bí cráite
Tá mná mo chaointe le breith fós, a mháithrín.
We're playing this at our gaeilge Mass always packs the house. So brilliant.
Go hállainn
émouvant
Beautiful music.
Such faith.
such a record of truth ..
A fine song go halainn -stephen