Amhrán na hEascainne

Поділитися
Вставка
  • Опубліковано 22 тра 2023
  • Amhrán na hEascainne
    Cá raibh tú ó mhaidin, a dheartháirín ó?
    Cá raibh tú ó mhaidin, a phlúr na bhfear ó?
    Bhí mé ag iascach agus ag foghlaeireacht,
    Cóirigh mo leaba dhom,
    Tá mé tinn fá mo chroí agus lig'í dhom luí.
    Céard a d’ith tú ar do dhinnéar, a dheartháirín ó?
    Céard a d’ith tú ar do dhinnéar, a phlúr na bhfear ó?
    Ó, eascann a raibh lúb uirthi,
    Nimh fuinte brúite uirthi,
    Tá mé tinn fá mo chroí agus lig'í dhom luí.
    Céard fhágfas tú ag do bhean phósta, a dheartháirín ó?
    Céard fhágfas tú ag do bhean phósta,
    a phlúr na bhfear ó?
    Ó, ifreann mar dhúiche aici,
    Na flaithis bheith dúnta uirthi,
    Tá mé tinn fá mo chroí agus bead go deo deo.

КОМЕНТАРІ •