Na focail: Ligeann tú uait Suantraí suaite In osna, is súim An fhuaim íseal shéimh I gcódfhocail rúnda I bhfolach fé chlúdach Sna comharthaí ciúine Tá leideanna le léamh Tar chugam, tar chugam Cosúil le cloch cluanach Do mo tharraingt go rúnach Ag dúiseacht na dúile Is ag múscailt na méine Mo ghlúine lag fúmsa Á leagan is á lúbadh Do lámh faoi mo ghúna Ag leá ime mo bhéil Tar chugam, tar chugam Ach ní róghar dom ‘S iad tonnta tochracha tréana atá uaim Ag tiontú ag tógáil is ag tuairteáil tharam An teannas an teocht á théamh ionam An t-easnamh níos treise ná an t-uafás trom Tar chugam, tar chugam Ach ní róghar dom Tá an chóngaracht ró-chontúirteach Sealadach is lom
Very beautiful, mysterious and magical... I love it, Lauren! :) I'm always amazed by your creativity, unique ways of artistic expression and your voice...Thank you for sharing. Ádh mór, Veronika
Na focail:
Ligeann tú uait
Suantraí suaite
In osna, is súim
An fhuaim íseal shéimh
I gcódfhocail rúnda
I bhfolach fé chlúdach
Sna comharthaí ciúine
Tá leideanna le léamh
Tar chugam, tar chugam
Cosúil le cloch cluanach
Do mo tharraingt go rúnach
Ag dúiseacht na dúile
Is ag múscailt na méine
Mo ghlúine lag fúmsa
Á leagan is á lúbadh
Do lámh faoi mo ghúna
Ag leá ime mo bhéil
Tar chugam, tar chugam
Ach ní róghar dom
‘S iad tonnta tochracha tréana atá uaim
Ag tiontú ag tógáil is ag tuairteáil tharam
An teannas an teocht á théamh ionam
An t-easnamh níos treise ná an t-uafás trom
Tar chugam, tar chugam
Ach ní róghar dom
Tá an chóngaracht ró-chontúirteach
Sealadach is lom
Very beautiful, mysterious and magical... I love it, Lauren! :) I'm always amazed by your creativity, unique ways of artistic expression and your voice...Thank you for sharing. Ádh mór, Veronika
Míle buíochas ♡