#TrasnaNadTonnta

Поділитися
Вставка
  • Опубліковано 13 жов 2024
  • Seolfar feachtas #TrasnaNadTonnta (‘across the waves’ i mBéarla) ar an Luan 5 Nollaig 2022, i nGaelscoil an Chuilinn, Baile an Tirialaigh, Baile Átha Cliath 15. Craolfar seoladh oifigiúil an fheachtais beo ar Twitter (@Trasna22) ar an Luan ó 11.00r.n. go dtí 11.45r.n i nGaelscoil an Chuilinn. Beidh an feachtas faoi lán seoil ar na meáin shóisialta ar feadh na seachtaine, ón 5/12 (Luan) go dtí 09/12 (Aoine).
    Is í aidhm an fheachtais ná pobal domhanda na Gaeilge a nascadh le chéile ar na meáin shóisialta. Cuirimid fáilte roimh rannpháirtíocht ó Ghaeilgeoirí as gach coirnéal den domhan agus ar gach leibhéal cumaisc. Idir glantosaitheoirí, iad siúd a bhfuil cúpla focal acu, lucht líofa na Gaeilge agus cainteoirí dúchais; teastaíonn uainn Gaeilgeoirí fud fad na cruinne a spreagadh chun gnímh ar Instagram agus Twitter, ar mhaithe le ceiliúradh a dhéanamh ar an teanga mhionlach faoi bhláth.
    Chuir Fondúireacht Ollscoil Éireann Cheanada tús leis an bhfeachtas spraíúil #TrasnaNadTonnta in 2017 agus tá sé ag dul ó neart go neart ó shin. Ba é ceann de bhuaicphointí an fheachtais i rith na mblianta ná líon na dtíortha a ndearnadh tvuíteáil astu in 2019 - 102 thír, agus a shroich sé mhilliún duine ar fud an domhain. I mbliana, táimid ag iarraidh nasc a chruthú agus a chothú idir Gaeilgeoirí ó chian agus ó chóngar,
    agus go mbeidh píosa spraoi agus foghlama ag baint leis an bhfeachtas chomh maith!
    Reáchtálfar sraith imeachtaí laethúla ar líne ar Zoom le linn sheachtain an fheachtais, ina measc; ciorcail chomhrá (bunleibhéal, meánleibhéal, ardleibhéal) seisiún ióga as Gaeilge, seisiún aireachais as Gaeilge, rang amhránaíochta sean-nóis, agus seisiún ceol traidisiúnta. Is féidir teacht ar sceideal na n-imeachtaí ar ár suíomh gréasáin www.trasnanadto...
    Molaimid go mór páirt a ghlacadh inár gcomórtas grianghraif ar Twitter agus ar Instagram inar féidir duais €100 a buachaint. Iarraimid ar dhaoine tvuíteáil nó postáil as Gaeilge (chomh maith agus is féidir) ag tabhairt freagra ar an gceist seo a leanas: Céard é an áit is fearr leat ar domhan? Tapaigh an deis an comórtas a bhuachaint ag taggáil ár gcuntas Twitter @Trasna22 nó Instagram @trasnanadtonnta. Ná déan dearmad úsáid a bhaint as an haischlib #TrasnaNadTonnta sa bpictiúr don gcomórtas.

КОМЕНТАРІ •