That was the title of the first play written and performed in Irish: Casadh an tSugáin, by Dubhglas de hÍde. Performed at the Abbey in 1904 or thereabouts.
+Aedraen Ó Dubhghaill ’Gus thíos i Sligeach sea chuir mise eolas ar na mná, Is thiar insan mbaile sea a d’ól mise leo mo sháith, Ar bhrí mo mhaide mura stopadh sibhse feasta amhlaidh seal mar atá, Go n-imreoidh mise cleas a bhainfeas siúl as na mná.’Gus d’imir mise cleas Tigh Mhac Uí Dhomhnaill aréir, ’S an dara cleas sa teach a bhí go dlúth lena thaobh, An tríú cleas, cén mhaith dhom é a chur i bhfad eile i scéal? Chuir an chailleach amach mé i casadh an tsúgáinín féir. Ach cé’n cat mara a chas isteach insan áit seo mé? ’S nach liachtaí bean óg sa mbaile a d’fhág mé i mo dhiaidh? Mar gheall ar throid is ar bhruíon is ar rud nár shantaigh é, Seanbhó bhreac ’gus óinseach caillí a bhí gan chéill. ’Gus chuirfinn ’gus threabhfainn ’gus chraithfinnse síol go domhain i gcré, Nach seolfainnse ba san áit is airde a bhfásann féar, Chuirfinn crú ar an each is lúfaire, is corraí, is airde a chaithfeadh léim, ’S nach bpósfaidh bean le fear nach ndéanfadh é sin fhéin? Ó agus tháinig mise isteach i dteach dhá uairín roimh an lá, Bhí bean óg ar meisce ann is cúl a cinn fúthu ar chlár, Níor bhreathnaigh mé tharam go híseal, tapa ná go hard, Gur chuir mé cois lena cois nó gur bhogamar an súistín bog bán. ’S dhá mbeadh spré ag an gcat nach deas lách mar a phógfaí a bhéal? ’Gus cat nach mbeadh nach fada ó bhaile a sheolfaí é? Tá iníon na caillí piocaí, gliobaí, cataithe, pósta ó aréir, ’S tá mo ghrá-sa sa mbaile is gan duine aici a phógfadh a béal.’S má bhíonn tú liom, bí liom os comhair lán an tí, ’S má bhíonn tú liom, bí liom de ló gheal is d’oíche, ’S má bhíonn tú liom, is gur liom gach orlach in do chroí, ’Sé mo thrua le fonn nach liom Dé Domhnaigh thú mar mhnaoi.
Brillaint young Canavan
That was the title of the first play written and performed in Irish: Casadh an tSugáin, by Dubhglas de hÍde. Performed at the Abbey in 1904 or thereabouts.
Iontach
Na focail don leagan seo ag éinne?
+Aedraen Ó Dubhghaill - tg4 sean nos archive - old.tg4.ie/en/programmes/archive/jimi-o-ceannabhain/corn-ui-riada-2009.html
+Aedraen Ó Dubhghaill ’Gus thíos i Sligeach sea chuir mise eolas ar na mná,
Is thiar insan mbaile sea a d’ól mise leo mo sháith,
Ar bhrí mo mhaide mura stopadh sibhse feasta amhlaidh seal mar atá,
Go n-imreoidh mise cleas a bhainfeas siúl as na mná.’Gus d’imir mise cleas Tigh Mhac Uí Dhomhnaill aréir,
’S an dara cleas sa teach a bhí go dlúth lena thaobh,
An tríú cleas, cén mhaith dhom é a chur i bhfad eile i scéal?
Chuir an chailleach amach mé i casadh an tsúgáinín féir.
Ach cé’n cat mara a chas isteach insan áit seo mé?
’S nach liachtaí bean óg sa mbaile a d’fhág mé i mo dhiaidh?
Mar gheall ar throid is ar bhruíon is ar rud nár shantaigh é,
Seanbhó bhreac ’gus óinseach caillí a bhí gan chéill.
’Gus chuirfinn ’gus threabhfainn ’gus chraithfinnse síol go domhain i gcré,
Nach seolfainnse ba san áit is airde a bhfásann féar,
Chuirfinn crú ar an each is lúfaire, is corraí, is airde a chaithfeadh léim,
’S nach bpósfaidh bean le fear nach ndéanfadh é sin fhéin?
Ó agus tháinig mise isteach i dteach dhá uairín roimh an lá,
Bhí bean óg ar meisce ann is cúl a cinn fúthu ar chlár,
Níor bhreathnaigh mé tharam go híseal, tapa ná go hard,
Gur chuir mé cois lena cois nó gur bhogamar an súistín bog bán.
’S dhá mbeadh spré ag an gcat nach deas lách mar a phógfaí a bhéal?
’Gus cat nach mbeadh nach fada ó bhaile a sheolfaí é?
Tá iníon na caillí piocaí, gliobaí, cataithe, pósta ó aréir,
’S tá mo ghrá-sa sa mbaile is gan duine aici a phógfadh a béal.’S má bhíonn tú liom, bí liom os comhair lán an tí,
’S má bhíonn tú liom, bí liom de ló gheal is d’oíche,
’S má bhíonn tú liom, is gur liom gach orlach in do chroí,
’Sé mo thrua le fonn nach liom Dé Domhnaigh thú mar mhnaoi.
This gets me every time I don't know why. The sound, rhythm, lyrics and lilt. Everything. An leagan is fearr liom