Mícheál Ó Confhaola - Máire Ní Eidhin

Поділитися
Вставка
  • Опубліковано 22 сер 2024
  • Buaiteoir Corn Uí Riada 2013 Micheál Ó Confhaola leis a chéad amhrán sa gcomortais ag Oireachtas na Samhna i gCill Airne, Co Chiarraí.

КОМЕНТАРІ • 7

  • @josephboyle9020
    @josephboyle9020 7 років тому +11

    Ag gabháil 'un an Aifrinn dom le toil na nGrásta bhí an lá ag báisteach is d'athraigh gaoth Casadh an ainnir dhom ar bhruach Chill Tártain is thit mé láithreach i ngrá le mnaoi Labhair mé léi go múinte mánla is de réir a cáilíocht sea d'fhreagair sí Séard a dúirt sí: 'Raiftearaí, tá m'intinn sásta ach gluais go lá liom go Baile Uí Lí.'
    Nuair a fuair mé an tairiscint níor lig mé ar cairde é ach rinne mé gáire is gheit mo chroí, Ní raibh le dhuil againn ach trasna páirce níor thug muid an lá linn ach go tóin an tí Leag sí anuas bord a raibh gloine is cárt air is a cúilín fáinneach le m'ais ina suí Séard dúirt sí: 'Raiftearaí, bí ag ól is céad fáilte tá an siléar láidir againn i mBaile Uí Lí.'
    'Sí Máire Ní Eidhin an chiúinbhean bhéasach is deise méin 'gus is áille gnaoi Míle cléireach a dhuil in éineacht trian a tréathra ní fhéadfadh scríobh Bhuail sí Deirdre le breáichte is Véineas dá n-abraínn Héilean ler scriosadh an Traoi Seo'd í an chraobh is cé a d'iarrfadh a héileamh ar an bpabhsae gléigeal 'tá i mBaile Uí Lí.
    Nach aoibhinn aerach ar thaobh an tsléibhe is tú ag féachaint síos uait ar Bhaile Uí Lí Ag siúl na ngleannta ag baint cnó is sméara 's ceiliúr éan ann mar na ceolta sí Níl brí sa méid sin dá bhfaigheá léargas ar bhláth na gcraobh 'tá lena thaobh Níl maith dá shéanadh níos faide ar aon neach, a spéir na gréine, is tú grá mo chroí.
    Dá siúlfá Sasana is an Fhrainc thré chéile an Spáinn an Ghréig is ar ais aríst Ó bhruach Loch Gréine go béal Loch Éirne is ní fheicfeá féirín ar bith mar í. A grua thrí lasadh is a malaí caola a haghaidh dá réir is a béal tais mín Scoth ban Éireann, is as ucht an scéil sin a thug mé an chraobh duit i mBaile Uí Lí.
    A réalt an tsolais, is a ghrian bhreá an fhómhair, a chúilín ómra, a mheall mo chroí Siúil ar uaigneas liom go ndéanam comhairle faoi choinne an Domhnaigh cá mbeidh ár suí Níor mhór liom ceol duit gach aon tráthnóna puins ar bord is dá n-óltá fíon Ach a Rí na Glóire, go dtriomaí an bóthar is go bhfágha mé an t-eolas ar ais aríst.

    • @ferncat1397
      @ferncat1397 3 роки тому +3

      Míle buíochas as na liricí a scríobh amach!

  • @amyvillanueva3442
    @amyvillanueva3442 8 років тому +4

    I love Irish Singing

  • @user-di9pw8vj4k
    @user-di9pw8vj4k 6 місяців тому +1

    Thar a bheith go maith

  • @maggoli67
    @maggoli67 8 років тому +3

    Has a Galway Shawl feel to it at times.

  • @alexoceallaigh4240
    @alexoceallaigh4240 6 років тому +4

    Amhrán tochtmhar. Go háláinn ar fad a Mhíchéal

  • @Muireann07
    @Muireann07 10 років тому +5

    go hálainn