An Chéad Nollaig 🎶 amhrán 👼🐑🌟
Вставка
- Опубліковано 4 жов 2024
- Bhí sneachta ar an talamh,
bhí réalta mór sa spéir.
Bhí aingil Dé ag canadh
go raibh Íosa sa mháinséar.
Bhí na haoirí ar na sléibhte
nuair a chuala siad an scéal.
Tháinig na trí ríthe
le hór, túis agus miorr.
Fadó, fadó i mBeithil, i stábla dorcha lom,
rugadh an leanbh Íosa; an Nollaig a bhí ann.
Muire agus Iósaf, asal agus bó.
Ríthe agus aoirí ann chun ómós a thabhairt dó.
Ar an gcúigiú lá is fiche
beidh rírá agus ceol.
Beidh raidhse bia le hithe
agus deochanna le hól.
Beidh cuileann ar na pictiúir,
beidh soilse ar an gcrann.
Beidh coinneal ins an bhfuinneog;
an Nollaig atá ann.
curfá x2
Focail d'amhráin na Nollag: gaeloideachas.... agus iad curtha i gcáipéisí PDF maisithe agus réidh le scaipeadh.
Dánta is Rannta na Nollag: gaeloideachas....
Áiseanna don Nollaig: gaeloideachas....
omg my childhood!! i couldn't find this song anywhere so i thought it was almost like a fever dream lol. I'm so happy to have found it!